|
My love and my beloved |
Mo ghrá thú agus mo rún! Tá do stácaí ar a mbonn, Tá do bha buí á gcrú; Is ar mo chroí atá do chumha Ná leigheasfadh Cúige Mumhan Ná Gaibhne Oileán na bhFionn. Go dtiocfaidh Art Ó Laoghaire chugham Ní scaipfidh ar mo chumha Atá i lár mo chroí á bhrú; Dúnta suas go dlúth Mar a bheadh glas a bheadh ar thrúnc 'S go raghadh an eochair amú. |